Mo ghile mear
- Kategorie: Irland, Schottland, Großbritannien
Songtext
Bímse buan ar buairt gach ló,
Ag caoi go crua is ag tuar na ndeor,,
Mar scaoileadh uaim an buachaill beo,
Is ná ríomhthar tuairisc uaidh mo bhrón.
(chorus)
Is é mo laoch, mo ghile mear,
Is é mo Shaesar, gile mear,
N´fhuaras féin aon tsuan ar séan
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear,
Ní fhuaras féin aon tsuan ar séan,
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear.
Ní haoibhinn cuach ba suairc ar neoin,
Táid fíorchoinn uaisle ar uatha spóirt,
Táid saoithe is suadha i mbuairt is i mbrón,
Ó scaoileadh uaim an buachaill beo.
Is é mo laoch....
Is cosúil é le hAonghus Óg,
Le Lughaidh Mac Céin na mbéimeann mór,
Le Cú Raoi, ardmhac Dáire an óir,
Taoiseach Éireann tréan ar tóir.
Is é mo laoch...
Le Conall Cearnach bhearnadh poirt,
Le Fearghas fiúntach fionn Mac Róigh
Le Cunchubhar cáidhmhac Náis na nós,
Taoiseach aoibhinn Chraoibhe an cheoil.
Is é mo laoch...

