Nil se ina la

Chuaigh mé isteach i dteach aréir
Is díarr mé cairde ar mhnaoi an leanna,
Is é dúort sí liom "Ní bhfaighidh tú deor.
Buail an bóthar is gabh abhaile."

(chorus)
Níl sé ina lá, níl a ghrá,
Níl sé ina lá is ní bheidh go maidin,
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh.

Chuir mé fein mo lámh i mo phóca
Is d'iarr mé briseadh scilling uirthi.
Is é dúirt sí liom "Suigh síos ag bord
Is bí ag ól anseo go maidin."

Níl sé ina lá...

"Éirigh i do shuí, a fhear an tí,
Cuir ort do bhrístí is do hata
Go gcoinne tú ceol leis an duine cóir
A bheas ag ól anseo go maidin."

Níl sé ina lá...

Nach mise féin an fear gan chéill
A d'fhág mo chíos in mo scornaigh?
D'fhág mé léan orm féin
Is d'fhág mé séan ar dhaoine eile.

Níl sé ina la...

Comments (0)

Leave a comment

You are commenting as guest.

Latest Events

No events